Is iad Corcaigh agus Ard Mhacha na contaetha is deireanaí a bhfuil fíneálacha gearrtha orthu ag Choiste Cheannais na gComórtas (CCCC).
Is fíneáil de €5,000 atá gearrtha ar an dá chontae le hiarracht a dhéanamh stop a chur leis an bhforéigean atá ag dul ar aghaidh le linn na gcluichí.
Tá toirmeasc curtha ar imreoirí Chorcaí, Michael Shields agus Pearse O’Neill. Ní bheidh O’Neill ábalta imirt sa chéad chluiche eile agus ní bheidh Shields ábalta imirt sa chéad dá chluiche eile. Tá toirmeasc curtha ar imreoirí Ard Mhacha, Ciaran McKeever agus Malachy Mackin freisin, a bheas i bhfeidhm ar feadh cluiche amháin.
Tá an toirmeasc seo curtha orthu mar gheall ar an bpáirt a ghlac siad sa scliúchas a bhí ar bun ag Páirc Lúthchleasaíochta Morgan (Morgan Athletic Grounds) nuair a bhí an chéad bhabhta de Shraithchomórtas Peile Allianz ar siúl.





