RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cumann Lúthcleas Gael Cluiche mór na bliana

Cumann Lúthcleas Gael

Cluiche mór na bliana

Cluiche ceannais sinsir na bliana seo linn arís agus tá rud éigin speisialta ag baint le cluiche ceannais na bliana seo agus dhá fhoireann nach raibh sa gcluiche ceannais le roinnt mhaith blianta ag tabhairt aghaidh ar a chéile ar an Domhnach.
Gheobhadh duine praghas maith ag tús na craoibhe dá gcuirfeadh sé geall gurb iad an dá chontae seo a bheadh sa gcraobh, agus gach aoinne ag tuar ag tús na bliana gurb iad Ciarraí, Corcaigh, nó Baile Átha Cliath a bheadh  páirteach ar an Domhnach ach mar atá feicthe againn le roinnt seachtainí anuas, níl aon dabht ach go bhfuil a n-áit tuillte go maith ag an dá chontae i gcraobh na bliana seo.
Caithfear cuimhneamh gur chaill an dá fhoireann sa gcéad bhabhta cúldorais dhá bhliain ó shin, Maigh Eo i gcoinne an Longfoirt agus Dún na nGall i gcoinne Ard Mhacha, agus léiríonn sé sin an dul chun cinn atá déanta acu beirt ó tháinig James Horan agus Jim McGuinness i gceannas.
Shroich an dá fhoireann seo na cluichí leathcheannais an bhliain seo caite, agus iad imithe céim eile ar aghaidh i mbliana. Mar sin, tá an fhorbairt atá á déanamh acu le brath go soiléir. Ach cén contae a mbeidh Corn Sam Maguire ag dul chuige tráthnóna Dé Luain?
Dar ndóigh, bhí Maigh Eo i gcluiche ceannais sraithe na bliana seo agus bhí roinnt de na himreoirí; David Clarke, Keith Higgins, Alan Dillon, agus Barry Moran páirteach an uair dheireanach a bhíodar sa gcluiche ceannais i gcoinne Chiarraí in 2006, agus beidh siad ag súil go seasfaidh an taithí sin leo.
Tá súil acu go mbeidh Lee Keegan agus Richie Feeney lán aclaí i ndiaidh na ngortuithe a bhain dóibh i gcoinne Bhaile Átha Cliath agus tá Colm Boyle ar fáil arís. Cé nach bhfuil aon dabht ach gur caillteanas mór é Andy Moran, d’imir an líne lántosach Conroy, O’Connor, agus Varley go maith sa gcluiche leathcheannais agus teastóidh cluichí móra uathu sin arís. Tá stíl níos crua ag Maigh Eo faoi stiúir Horan, agus iad i bhfad níos déine sa ngreamú agus bhí sé sin le brath sa gcluiche leathcheannais agus an méid aistriú seilbhe a bhí sa gcluiche sin.
Níl aon dabht ach go raibh siad faoi bhrú mór sa gceathrú deireanach den chluiche sin agus is ábhar imní é sin, i gcoinne foirne as Dún na nGall a bhíonn ag feabhsú agus an cluiche ag dul ar aghaidh mar a léirigh siad i gcoinne Chiarraí agus Chorcaí.
Is cinnte gurb iad ceann de na foirne peile is aclaí iad a chuaigh chun páirce riamh agus bhí sé sin le brath ar feadh na bliana, go háirithe sa tríú ceathrú de chluichí i ndiaidh leath-ama, nuair a ardaíonn siad an luas mar a chonaiceamar sna cluichí i gcoinne an Dúin agus Chorcaí ach go háirithe. Bhí sárchluiche ag Neil Gallagher i gcoinne Chorcaí agus beidh comhraic mhaithe idir é féin agus Barry Moran.
Beidh sé suimiúil cén teaictic a bheidh ag Maigh Eo chun stop a chur le Dún na nGall ag briseadh amach as na cúlaithe, go háirithe leithéidí Frank McGlynn, Karl Lacey, Anthony Thompson agus Mark McHugh, toisc gurb é sin an t-am is contúirtí atá na Conallaigh.
Dar ndóigh, beidh siad ag brath ar Colm McFadden agus Michael Murphy chun tromlach na scór a aimsiú ach tá siad sin mar aon le foireann uilig Dhún na nGall fíorsheasmhach ó thús na craoibhe agus bheifeá ag súil le cluichí móra uathu. 
Is cluiche fíorshuimiúil é seo sa tslí is go bhfuil an dá chontae ag iarraidh craobh na hÉireann a bhuachan den chéad uair le tamall, agus cé go raibh sárbhliain ag an dá chontae go dtí seo, is é an claí deireanach an ceann is deacra le léim go minic ó thaobh na síceolaíochta de. Mar sin, braithfidh go leor ar cé is fearr a dhéanann déileáil leis an lá mór, agus tá rud éigin ag rá linn go mbeidh Dún na nGall ullmhaithe ag McGuinness chun sin a dhéanamh.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Iallach ar Healy Camchuairt na Leon a fhágáil mar gheall ar ghortú - http://is.gd/100HLU - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:09AM Jun 07
Foinse Fiosrúchán ar bun maidir leis an tine ar thraen ó Bhéal Feirste go B - http://is.gd/xp7Iep - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
10:45AM Jun 07
Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06