RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cumann Lúthcleas Gael Mar a bhí: athruithe go leor i gceist anois

Cumann Lúthcleas Gael

Mar a bhí: athruithe go leor i gceist anois

Táimid i ngiorracht ceithre lá do Chluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Maigh Eo agus Dún na nGall. Connacht in aghaidh Uladh ó thaobh cúigí de agus níor tharla a leithéid ón mbliain 1948.
Tá cuimhne shoiléir agam ar imeachtaí an lae úd, lá na gaoithe móire, Maigh Eo in aghaidh an Chabháin agus mo chéad chuairt ar Pháirc An Chrócaigh. Ní rabhas rófhada i mBaile Átha Cliath, deich lá nó mar sin ar a mhéad agus bhíos curtha fúm i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, Coláiste Oiliúna do bhuachaillí amháin.
Ní raibh aon chaint in aon áit ar thicéid agus ní raibh le déanamh againn ach dul go dtí ceann de na geataí, raol a dhíol agus bualadh isteach. Ba dhóbair gur bhain an radharc a bhí os ár gcomhair radharc na súl dínn – páirc úrghlas fhairsing, bearrtha agus gearrtha go slachtmhar, Ardán Uí Chíosóig ar cholúin os ár gcionn, Ardán Uí Ógáin os ár gcomhair ag síneadh nach mór leathchéad slat ar fad i dtreo an bhóthair iarainn agus díon ar an gcuid eile chun fothain a thabhairt dóibh siúd a bhíodh ina seasamh faoi.
De réir na híomhá atá im’ aigne fir mheánaosta agus níos sine a bhí i dtromlach mór den lucht féachana agus cóta báistí á iompar ar a bhformhór. Cinnte bhí easnamh mór de mhná le sonrú, scar beag b’fhéidir ar Ardán Uí Ógáin agus b’shin a raibh.
Nach mór na hathruithe atá tagtha agus ní foláir ná gur athruithe chun feabhais iad uilig. Bhí suíomh den scoth againne na scoláirí mar shroicheamar an áit go luath agus bhogamar go dtí an limistéir gar do Chnoc a 16. Bhí cóir na gaoithe leis an gCabhán sa chéad leath agus dar ndóigh bhí ardmheas orthu ag an am; nach iad a ghnóthaigh Craobh na hÉireann i bPolo Grounds Nua-Eabhrac an bhliain roimhe sin tar éis an lámh uachtair d’fháil ar Chiarraí na ngaiscíoch.
Dá bharr san, bhí a n-ainmneacha ar eolas againn – An Captaen John Joe, Tony Tighe, An Gunnadóir Ó Brádaigh, Mick Ó hUiginn na gcleas, Bill Ó Dúnáin, an scoláire PJ Diúc agus go leor nach iad. Anois bhíodar os ár gcomhair amach in éide gorm an chontae. Táid uilig i gcré na cille anois agus bhí sé de phribhléid agam sna blianta ina dhiaidh sin aithne a chur ar a bhformhór, daoine breátha, uirísle agus uaisleacht fite le chéile iontu. Solas na bhFlaitheas dóibh uilig.
Maidir le Maigh Eo, is beag aithne a bhí againn orthu mar ní rabhadar i mbéalaibh an phobail ó bhaineadar craobh an chúige go deireanach sa bhliain 1937. Bhí úire agus an óige ag baint leo. Má thángadar gan mórán aithne againn orthu ní fhéadfaí sin a rá cúpla bliain níos déanaí tar éis dóibh craobhacha Éireann na mblianta ’50 agus ’51 a ghabháil.
Buíon de pheileadóirí cumasacha a bhí iontu – an Captaen Seán Ó Flanagáin, Tom Langan cnámhach na gcúl, Páraic Kearney, Éamonn Mongey, Paddy Prendergast – ní raibh teora leo. Bhaineas ana-thaitneamh as an lá agus seo chugaibh achoimre den imirt:
Scór leath-ama; An Cabhán 3-3, Maigh Eo 0-0, Scór lán-ama;    An Cabhán 4-5, Maigh Eo 4-4. Aguisín; Níor scóráladh ocht gcúl i gcluiche ceannais roimhe sin agus níor sáraíodh é ó shin. Más ea bhí ocht gcúl sa Chluiche Ceannais i 1977 – cúig cinn ag Áth Cliath agus ceithre cinn ag Ard Mhacha.

Táimid i ngiorracht ceithre lá do Chluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Maigh Eo agus Dún na nGall. Connacht in aghaidh Uladh ó thaobh cúigí de agus níor tharla a leithéid ón mbliain 1948. Tá cuimhne shoiléir agam ar imeachtaí an lae úd, lá na gaoithe móire, Maigh Eo in aghaidh an Chabháin agus mo chéad chuairt ar Pháirc An Chrócaigh. Ní rabhas rófhada i mBaile Átha Cliath, deich lá nó mar sin ar a mhéad agus bhíos curtha fúm i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach, Coláiste Oiliúna do bhuachaillí amháin. Ní raibh aon chaint in aon áit ar thicéid agus ní raibh le déanamh againn ach dul go dtí ceann de na geataí, raol a dhíol agus bualadh isteach.

Ba dhóbair gur bhain an radharc a bhí os ár gcomhair radharc na súl dínn – páirc úrghlas fhairsing, bearrtha agus gearrtha go slachtmhar, Ardán Uí Chíosóig ar cholúin os ár gcionn, Ardán Uí Ógáin os ár gcomhair ag síneadh nach mór leathchéad slat ar fad i dtreo an bhóthair iarainn agus díon ar an gcuid eile chun fothain a thabhairt dóibh siúd a bhíodh ina seasamh faoi.  

De réir na híomhá atá im’ aigne fir mheánaosta agus níos sine a bhí i dtromlach mór den lucht féachana agus cóta báistí á iompar ar a bhformhór. Cinnte bhí easnamh mór de mhná le sonrú, scar beag b’fhéidir ar Ardán Uí Ógáin agus b’shin a raibh. Nach mór na hathruithe atá tagtha agus ní foláir ná gur athruithe chun feabhais iad uilig. Bhí suíomh den scoth againne na scoláirí mar shroicheamar an áit go luath agus bhogamar go dtí an limistéir gar do Chnoc a 16.

Bhí cóir na gaoithe leis an gCabhán sa chéad leath agus dar ndóigh bhí ardmheas orthu ag an am; nach iad a ghnóthaigh Craobh na hÉireann i bPolo Grounds Nua-Eabhrac an bhliain roimhe sin tar éis an lámh uachtair d’fháil ar Chiarraí na ngaiscíoch. Dá bharr san, bhí a n-ainmneacha ar eolas againn – An Captaen John Joe, Tony Tighe,

An Gunnadóir Ó Brádaigh, Mick Ó hUiginn na gcleas, Bill Ó Dúnáin, an scoláire PJ Diúc agus go leor nach iad. Anois bhíodar os ár gcomhair amach in éide gorm an chontae. Táid uilig i gcré na cille anois agus bhí sé de phribhléid agam sna blianta ina dhiaidh sin aithne a chur ar a bhformhór, daoine breátha, uirísle agus uaisleacht fite le chéile iontu. Solas na bhFlaitheas dóibh uilig. 

Maidir le Maigh Eo, is beag aithne a bhí againn orthu mar ní rabhadar i mbéalaibh an phobail ó bhaineadar craobh an chúige go deireanach sa bhliain 1937. Bhí úire agus an óige ag baint leo. Má thángadar gan mórán aithne againn orthu ní fhéadfaí sin a rá cúpla bliain níos déanaí tar éis dóibh craobhacha Éireann na mblianta ’50 agus ’51 a ghabháil. Buíon de pheileadóirí cumasacha a bhí iontu – an Captaen Seán Ó Flanagáin, Tom Langan cnámhach na gcúl, Páraic Kearney, Éamonn Mongey, Paddy Prendergast – ní raibh teora leo.

Bhaineas ana-thaitneamh as an lá agus seo chugaibh achoimre den imirt: Scór leath-ama; An Cabhán 3-3, Maigh Eo 0-0, Scór lán-ama;    An Cabhán 4-5, Maigh Eo 4-4. Aguisín; Níor scóráladh ocht gcúl i gcluiche ceannais roimhe sin agus níor sáraíodh é ó shin. Más ea bhí ocht gcúl sa Chluiche Ceannais i 1977 – cúig cinn ag Áth Cliath agus ceithre cinn ag Ard Mhacha.