RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cumann Lúthcleas Gael Fáilte roimh imreoirí úra do Na Gaeil Óga

Cumann Lúthcleas Gael

Fáilte roimh imreoirí úra do Na Gaeil Óga

image001

Tá Na Gaeil Óga ag earcú imreoirí, lucht traenála is tacaíochta arís. Dá mbeadh spéis agat aon pháirt nó ról a bheith agat (fiú má tá seans beag ann) in iomáint, peil na mban nó peil na bhfear, beidh fáilte mhór romhat leo. Is é an 8 lá Nollag an spriocdháta deiridh i gcóir aistrithe.

Bliain éachtach chinniúnach i stair an chumainn a bhí sa bhliain 2012 do Na Gaeil Óga CLG. Seo an chéad bhliain dóibh foireann na mban a bheith ar bun acu, an chéad uair don dara foireann do na fir sa pheil, an bhliain inar tógadh an fhoireann iománaíochta is an bhliain spleodrach, dúshlanach, taitneamhach inar éirigh leis an gcumann óg a gcéad dhá chorn a thabhairt leo, mar atá Corn Uí Bhroin agus Sraith a 10 Theas Contae Átha Cliath. Is iomaí casadh a chuireann 12 mí de.

Ba i mbliana chomh maith a bhí an chéad bhua ag an gcumann i gComórtas Peile na Gaeltachta, nuair a bhuail na mná Laochra Loch Lao, áit ar éirigh leo an chraobh a bhaint amach. Níor éirigh le foirean na bhfear in éadan Thearmann, ach beidh lá eile ag an bPaorach. I mbliana bhí an chéad Stail Ghaelach ann, leathbhádóir Comórtas an Chailín Ghaelaigh, agus bhuaigh Aindriú Ó Faoláin le sárdhán a chum sé faoi phearsantachtaí an chumainn! Bronnadh gradaim an chumainn ag Mórdhinnéar na bliana san Óstán Davenport le déanaí agus ba léir fás agus fobairt an chumainn ar an oíche.

Ba mhaith leis an gcumann mórbhuíochas a ghlacadh lena lucht tacaíochta is urraíochta; Club Chonradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus na sluaite a tháinig ag tacú leo ag pointí éagsúla sa bhliain. Is mór ag Na Gaeil Óga tacú is clúdach na meán, leis. Tá siad cheana féin ag dréim le dúshláin is dea-laethanta na bliana seo amach romhainn. Tá breis i gceist leis Na Gaeil Óga ná cumann, is tógáil pobail atá ann agus Na Gaeil tiomanta an pobal seo a thógáil. Na Gaeil abú!

Beidh an fhoireann iomána ag imirt ina gcéad chluiche iomána riamh mar Ghaeil Óga ar an Domhnach 2 lá Nollag. Beidh an cluiche dúshláin ar siúl in éadan Réalt Dearg ar Pháirc Choláiste Mhuire ag a 1 (tuiilleadh eolais ar www.nagaeiloga.ie).

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis Na Gaeil Óga anseo.

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbat-turscar. Caithfidh JavaScript a bheith cumasaithe chun é a fheiceáil.

www.nagaeiloga.ie

facebook Na Gaeil Óga CLG

twitter @nagaeiloga

youtube.com Na Gaeil Óga

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
09:31AM Nov 01