Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Céadaoin 19 Meitheamh 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cúrsaí Rugbaí

Cúrsaí Rugbaí

A fhoireann ainmnithe ag Kidney dá gcluiche i gcoinne na Breataine Bige

Ríomhphost Priontáil PDF
Tá cóitseálaí fhoireann rugbaí na hÉireann, Declan Kidney, tar éis a fhoireann a ainmniú inniu dá gcéad chluiche i gcraobh na Sé Náisiún i mbliana i gcoinne na Breataine Bige. Tá na himreoirí Craig Gilroy agus Simon Zebo ainmnithe aige mar na cliathánaithe don chluiche. Beidh áit Tommy Bowe á thógáil ag Gilroy. Tá Rob Kearney ainmnithe mar lánchúlaí agus tá Brian O’Driscoll agus Gordon D'Arcy le bheith sa lár. Beidh Jonathon Sexton agus Conor Murray mar leathchúlaithe. Seo a leanas an foireann iomlán atá ainmnithe: R Kearney; C Gilroy, B O’Driscoll, G D’Arcy, S Zebo; J Sexton, C Murray; C Healy, R
Tuilleadh...

Deimhniú ón IRFU nach mbeidh Sexton ag imirt le hÉirinn go lánaimseartha

Ríomhphost Priontáil PDF
Dheimhnigh Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU) níos luaithe inniu nach mbeidh an t-imreoir clúiteach Johnny Sexton, ag imirt go lánaimseartha d’Éirinn an bhliain seo chugainn. Imríonn Sexton le foireann rugbaí na hÉireann agus le foireann Laighean ach meastar anois go bhfuil sé chun imirt le foireann na Fraince, Racing Metro. Creidtear go bhfuil conradh de dhá bhliain in iomlán sínithe ag Sexton le foireann Racing Metro agus gur fiú €750,000 sa bhliain é. Níl sé seo deimhnithe go fóill áfach. Dúirt lucht an IRFU ar a suíomh idirlín inniu go bhfuil an-díomá orthu nach mbeidh Sexton ag imirt le hÉirinn go lánaimseartha ón
Tuilleadh...

Cúrsaí Rugbaí: Dún Éideann v Mumhain

Ríomhphost Priontáil PDF
Agus bréagchogadh na gcluichí réamhshéasúir thart, imreoidh na Muimhnigh a gcéad chluiche sraithe in aghaidh Dhún Éideann i Staid Murrayfield tráthnóna amárach. Trí chluiche a d’imir fir Rob Penney, cóitseálaí nua na Mumhan, le linn mhí Lúnasa. Ní hamháin gur chaill siad dhá cheann de na cluichí sin ach scaoileadar isteach seacht n-úd, ceithre cinn acu i gcoinne Stade Rochelais a imríonn sa dara roinn i Sraith Rugbaí na Fraince (Pro D2) agus trí cinn i bPáirc Musgrave i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo caite in éadan Ghaeil Londan. Le gach cead a thabhairt dóibh áfach, is beag cuimhne a bheidh ag
Tuilleadh...

Camchuairt ar an Nua-Shéalainn

Ríomhphost Priontáil PDF
A luaithe is a cuireadh críoch le campa traenála na All Blacks in Wellington tráthnóna inné, scaoileadh na himreoirí ar ais chuig a gcuid clubanna. Deireadh seachtaine mór rugbaí atá rompu sa Super 15: imreoidh ceithre cinn de chúig mhórfhoireann na Nua-Shéalainne in aghaidh a chéile Dé hAoine is Dé Sathairn. Is i ndiaidh na gcluichí sin a fhógróidh Steve Hansen, cóitseálaí nua fhoireann rugbaí na Nua-Shéalainne, a scuad de thríocha imreoirí agus trí chluiche dúshláin le himirt acu in aghaidh na hÉireann le linn mhí an Mheithimh, in Auckland (9 Meitheamh), in Christchurch (16 Meitheamh) agus in Hamilton (23 Meitheamh). Aithneofar
Tuilleadh...

An t-imreoir rugbaí Mick O'Driscoll ag éirí as

Ríomhphost Priontáil PDF
Tá sé deimhnithe ag an imreoir Rugbaí, Mick O’Driscoll, go mbeidh sé ag dul ar scor ag deireadh an tséasúir reatha. Imríonn O’Driscoll, atá 33 bliain d’aois, le foireann rugbaí na Mumhan agus foireann rugbaí na hÉireann. Tá 23 caipín buaite aige d’Éirinn le linn a thréimhse imeartha. Deirtear go bhfuil 204 cluiche imeartha aige le cúige Mumhan go dtí seo, an ceann is deireanaí i gcoinne Glasgow Warriors ar an Satharn. Beidh a gcéad chluiche eile ag cúige Mumhan i gcoinne Llanelli ar an Satharn, mar chuid de RaboDirect Pro12.           LINK_ADD_COMMENT
Tuilleadh...

Leathanach 1 as 9

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter