Babhta iomlán cluichí a bheidh ar siúl sa tSraith RaboDirect Pro Dó Dhéag an deireadh seachtaine beag seo. Cuirfidh na Laighnigh tús le himeachtaí tráthnóna inniu nuair a imreoidh siad i gcoinne Treviso san RDS. Is é Cúige Laighean, is dócha, an fhoireann cúige is mó buailte de bharr gan fáil ag Joe Schmidt ar go leor dá chuid imreoirí céadrogha.
Ach bheadh an gearán céanna ag fir Treviso agus leithéidí Kris Burton, Alessandro Zanni mar aon le Leonardo Ghiraldini ar dualgas leis an Iodáil. Bhí an bua ag Treviso ar na Laighnigh (30-20) in Stadio Monigo ag deireadh mhí na Samhna, an uair dheireanach a d’imir siad in aghaidh a chéile. Ar éigean go mbeidh an bua acu arís.
Dhá fhoireann ó Éirinn, Ulaidh agus Connachta, a bheidh ag imirt Dé hAoine agus foirne ón mBreatain Bheag ina n-aghaidh. Tabharfaidh na hUltaigh aghaidh ar na Dragúin in Ravenhill agus cuimhne mhaith acu ar an léasadh a tugadh dóibh (22-9) in Rodney Parade, páirc na nDragún, i Meán Fómhair seo caite.
In ainneoin cúpla duine a bheith in easnamh ag Ulaidh, is féidir le McLaughlin brath ar a chuid imreoirí ón Afraic Theas agus ar an bhfrapa, John Afoa, ar cnámh droma na foirne iad agus ar na boic óga – ina measc Nevin Spence, Ian Whitten, Craig Gilroy agus Adam D’Arcy – atá faoina stiúir aige. Bua ag Ulaidh.
Bhí bua na fuascailte, b’fhéidir, ag Connachta in aghaidh Harlequins i nGaillimh ag deireadh mhí Eanáir (9-8). An mbeidh fir Eric Elwood in ann an beart a dhéanamh arís in aghaidh Cardiff Blues agus iad ag imirt as baile an iarraidh seo? Seans acu gan amhras. Ní hamháin toisc go mbeidh go leor imreoirí céadrogha in easnamh ag Cardiff ach is cinnte go mbeidh an sos trí seachtaine ó bhí a gcluiche deireanach acu ar leas na gConnachtach.
I ngeall ar an drochaimsir ar Mhór-Roinn na hEorpa, fógraíodh inné nach n-imreofaí an cluiche Aironi v Mumhain a bhí le bheith ar siúl in Viadana, gar do Milano, Dé Domhnaigh. Tá Stadio Zaffanello faoi bhrat sneachta go fóill i ndiaidh titim mhór sneachta an tseachtain seo caite. Agus ní thiocfaidh deireadh leis an seal fuachta go ceann seachtaine ar a laghad, de réir oifig na haimsire. Beidh tuilleadh sneachta ann, is cosúil, i rith an deireadh seachtaine agus arís an tseachtain seo chugainn.
Toisc go raibh na Muimhnigh le dhá chluiche i ndiaidh a chéile a imirt i dtuaisceart na hIodáile (i gcoinne Aironi an 12 Feabhra agus in aghaidh Benetton Treviso sé lá ina dhiaidh sin), bhí sé beartaithe ag Mumhain an tseachtain a chaitheamh in Parma ag traenáil.
‘Ní fiú dúinn é sin a dhéanamh anois,’ a dúirt Anthony Foley, cóitseálaí thosaithe na Mumhan, agus frustrachas air. ‘Tá na páirceanna imeartha ar fad reoite agus ní fhéadfaimis dul ag traenáil dá dheasca. Is mór an trua é.’ Cé nach bhfuil fhios fós cén uair a imreofar an cluiche amach anseo, tá seans ann go n-imreofar é le linn mhí an Mhárta tráth a bheidh briseadh coicíse ann sa tSraith RaboDirect.





