I ndiaidh an bhua mhóir a bhí ag na Laighnigh ar Treviso (42-5) Déardaoin seo caite san RDS, tabharfaidh fir Joe Schmidt aghaidh ar Scarlets Dé hAoine agus buntáiste an bhaile acu arís. Cúige Laighean atá ar bharr na sraithe, iad deich bpointe chun tosaigh ar Ospreys atá sa dara háit. Sé chluiche dhéag as a chéile atá buaite ag na Laighnigh ó cuireadh tús leis an séasúr, idir an tSraith RaboDirect agus an Corn Heineken.
Ach má bhí cúig mhíle dhéag duine san RDS an tseachtain seo caite agus Treviso ar cuairt, cá bhfios cé mhéad duine a bheidh i láthair an iarraidh seo ag súil go bhfeicfidh siad laochra móra Scarlets, leithéidí George North (má thagann sé slán ón ngortú a bhain dó Dé Domhnaigh), Jonathan Davies agus Rhys Priestland. Cuimhnigh gurb iad na fir chéanna, go háirithe North agus Davies, a rinne scrios ar Éirinn le deireanas. An iad Scarlets an fhoireann a chuirfidh stop le rás na Laighneach san RDS arú amárach? Ar éigean é, déarfainn!
An lá dár gcionn, imreoidh Connachta in aghaidh Ghaiscígh Ghlaschú sa Sportsground i nGaillimh. In ainneoin gur scóráil na Connachtaigh dhá úd in aghaidh Cardiff Dé hAoine seo caite, níor éirigh leo ach pointe bónais an chaillte a bhreith leo abhaile. Ach bhí an bua ag fir Cardiff (22-15) agus tá beagnach ceithre mhí caite ó bhuaigh Connachta cluiche sa tSraith RaboDirect. Deis acu Dé Sathairn an scéal sin a chur ina cheart.
Tuigtear dom go mbeidh coscairt ann ar Mhór-Roinn na hEorpa ó lár na seachtaine ar aghaidh agus go mbeidh rugbaí a imirt arís ar pháirceanna imeartha sa Fhrainc agus san Iodáil! Ní dóigh liom, dá bhrí sin, gur baol don chluiche Treviso v Mumhain a imreofar Dé Sathairn.
Níor chaill na Muimhnigh ach aon chluiche amháin sa tsraith anuraidh, is é sin in aghaidh Treviso in Stadio Monigo i mí Feabhra na bliana seo caite. Chaith Damian Varley agus Wian du Preez, húcálaí agus frapa na Mumhan, deich nóiméad an duine sa loca pionóis an lá sin. Mar a deir an seanfhocal: Is maith an aire an fhógairt!





