Tuairiscíodh tráthnóna inniu go bhfuil dáta nua socraithe anois don chluiche idir Éire agus an Fhrainc i gCraobh na Sé Náisiún (RBS).
Deirtear go mbeidh sé ar siúl anois ar an 4 Márta ag a 3pm (am na hÉireann). Bhí sé ceaptha a bheith ar bun ar an Satharn san Stade de France sa Fhrainc ach cuireadh ar ceal é ag an nóiméad deireanach, díreach sula raibh an cluiche ceaptha tosú, mar gheall go raibh an pháirc reoite.
Theastaigh ó Cumann Rugbaí na Fraince (FFR) nach socrófaí an dáta don chluiche go dtí go mbeadh an séasúr thart ansin, mar gheall ar bhrú a bhí á chur orthu ó na clubanna i sraith na bhFrancach (Top 14). Deirtear nach raibh Cumann Rugbaí na hÉireann (IRFU) ná lucht na Sé Náisiún féin sásta glacadh leis seo agus shocraigh siad an cluiche a eagrú, le bheith ar bun ar an deireadh seachtaine amháin a bhí saor, le linn na craoibhe seo, Craobh na Sé Náisiún.





