Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cúrsaí Rugbaí Aisíocaíocht do lucht leanúna chluiche rugbaí na Fraince agus na hÉireann

Aisíocaíocht do lucht leanúna chluiche rugbaí na Fraince agus na hÉireann

Ríomhphost Priontáil PDF

Bhí roinnt den lucht leanúna, a thaistil chun na Fraince don chluiche rugbaí an deireadh seachtaine seo caite, ar buile nuair a socraíodh an cluiche a chur ar ceal ansin.

Tá sé ráite anois áfach, go bhfuil acu go dtí an 23 Feabhra, chun a gcuid airgid a fháil ar ais ar na ticéid.

Caitheadh an cluiche rugbaí idir Éire agus an Fhrainc, mar chuid de Chraobh na Sé Náisiún (RBS), a chur ar ceal díreach sula raibh an cluiche ceaptha tosú, mar gheall go raibh an pháirc reoite.

Tá dáta nua socraithe don chluiche anois agus tá sé le bheith ar siúl ar an 4 Márta ag a 3pm. Deirtear go bhfuil na daoine, a raibh ticéad ceannaithe acu don chluiche an uair dheireanach, ábalta úsáid a bhaint as na ticéid chéanna arís don dáta nua mura dteastaíonn uathu a gcuid airgid a fháil ar ais.

Tá gach eolas le fáil ar http://www.irishrugby.ie/ireland/25633.php

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 13 hours ago