Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cúrsaí Rugbaí Aisíocaíocht iarrtha ag a lán de leantóirí an rugbaí ar an IRFU

Aisíocaíocht iarrtha ag a lán de leantóirí an rugbaí ar an IRFU

Ríomhphost Priontáil PDF

Tuairiscítear go bhfuil an tríú cuid de na daoine, a raibh ticéid acu ón IRFU don chluiche rugbaí idir Éirinn agus an Fhrainc a curtha ar ceal, tar éis cinneadh a dhéanamh gan dul chuig an gcluiche ar an dáta nua.

Deirtear gur cheannaigh breis is 4,000 duine ar fad ticéid trí Chumann Rugbaí na hÉireann (IRFU) don chluiche a bhí le bheith ar siúl ar an 11 Feabhra, idir Éirinn agus an Fhrainc i gCraobh na Sé Náisiún. B’éigean an cluiche a chur ar ceal ag an nóiméad deireanach áfach, díreach sula raibh an cluiche ceaptha tosú, mar gheall go raibh an pháirc reoite.  

Dúirt an IRFU go bhféadfadh an dream a cheannaigh na ticéid uathu freastal ar an gcluiche ar an dáta nua atá socraithe, ar an 4 Márta, nó go bhféadfaidís a gcuid airgid a fháil ar ais.

Tuairiscítear go bhfuil thart ar 1,600 duine tar éis a gcuid airgid a iarradh ar ais ar an IRFU. Leis seo, deirtear go bhfuil an-imní anois nach mbeidh an oiread céanna ag tabhairt tacaíochta d’fhoireann rugbaí na hÉireann an babhta seo.

Thug Cumann Rugbaí na Fraince (FRF) le fios nach mbeadh ticéid nua a gcur amach acu féin don chluiche ar an 4 Márta ach is cosúil go bhfuil an IRFU le hiarracht a dhéanamh cuid de na ticéid, ar tugadh aisíocaíocht do dhaoine orthu, a dhíol arís le daoine eile.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 13 hours ago