RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cúrsaí Rugbaí Toirmeasc 32 seachtaine curtha ar Calum Clark

Cúrsaí Rugbaí

Toirmeasc 32 seachtaine curtha ar Calum Clark

Táthar tar éis a fhógairt anois go bhfuil toirmeasc curtha ar an imreoir rugbaí Calum Clark mar gheall ar fheall a rinne sé le linn ceann dá chluichí.

Shocraigh an Cumann Rugbaí (RFU) toirmeasc, a mhairfidh ar feadh 32 seachtaine ar fad, a chur ar Clark – a imríonn le Sasana agus Northampton – mar gheall gur bhris sé lámh duine dá chéilí comhraic.

Tharla an eachtra le linn cluiche a bhí ag Northampton Saints i gcoinne Leicester beagnach coicíse ó shin anois.

Deirtear nach mbeidh Clarke ábalta imirt anois arís go dtí an 2 Samhain.