Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé hAoine 25 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cúrsaí Rugbaí Camchuairt ar an Nua-Shéalainn

Camchuairt ar an Nua-Shéalainn

Ríomhphost Priontáil PDF

A luaithe is a cuireadh críoch le campa traenála na All Blacks in Wellington tráthnóna inné, scaoileadh na himreoirí ar ais chuig a gcuid clubanna. Deireadh seachtaine mór rugbaí atá rompu sa Super 15: imreoidh ceithre cinn de chúig mhórfhoireann na Nua-Shéalainne in aghaidh a chéile Dé hAoine is Dé Sathairn.

Is i ndiaidh na gcluichí sin a fhógróidh Steve Hansen, cóitseálaí nua fhoireann rugbaí na Nua-Shéalainne, a scuad de thríocha imreoirí agus trí chluiche dúshláin le himirt acu in aghaidh na hÉireann le linn mhí an Mheithimh, in Auckland (9 Meitheamh), in Christchurch (16 Meitheamh) agus in Hamilton (23 Meitheamh).

Aithneofar go leor de na himreoirí céanna óir is iad a bhuaigh an Corn Domhanda Rugbaí i gcoinne na Fraince ag deireadh na bliana anuraidh. ‘Mura bhfuil daoine agat sa scuad a bhfuil taithí acu imirt ag leibhéal idirnáisiúnta,’ a dúirt Hansen in Wellington le linn an champa traenála, ‘is cinnte go rachaidh sé dian ort aon mhaith a dhéanamh.’

Ní hamháin go mbeidh deis againn leithéidí Israel Dagg, Ma’a Nonu agus Sonny Bill Williams a fheiceáil arís agus an geansaí dubh á chaitheamh acu den chéad uair ó rugadar leo an Corn Webb Ellis i mí Dheireadh Fómhair seo caite ach tuigtear dom go bhfuil Richie McCaw, captaen na foirne, agus Dan Carter, leathchúlaí amuigh na Nua-Shéalainne, ar ais ar a seanléim arís agus iad ag imirt rialta go leor dá gclub, Crusaders, sa Super 15.

‘Ach tugann an campa seo deis do na cóitseálaithe súil a chaitheamh ar chuid de na himreoirí óga atá ag teacht tríd,’ arsa Hansen. Is iad leithéidí Sam Cane agus Luke Whitelock, ar tosaithe scaoilte iad an bheirt acu, mar aon leis an húcálaí, Hikawera Elliot, agus an cliathánaí, Julian Savea, a bhí i gceist aige.

‘Tá go leor de na himreoirí atá sa scuad faoi láthair ag tarraingt ar thríocha bliain d’aois,’ a dúirt Hansen gan aon duine acu a lua, ‘agus ní mór dúinn, dá bharr, daoine nua a thógáil isteach idir seo agus 2015.’ Piri Weepu, an leathchúlaí clibirte a bhí ag an Nua-Shéalainn le linn Chorn Domhanda an Rugbaí, agus an tosaí dara líne, Ali Williams, an bheirt is mó ón ‘seandream’ atá faoi bhagairt.

Maidir le Declan Kidney, tuigeann sé go maith an dochar a d’fhéadfadh camchuairt ar an Nua-Shéalainn a dhéanamh d’imreoirí óga, leithéidí Darren Cave, Simon Zebo agus Peter O’Mahony, dá dtabharfaí léasadh dóibh mar a tharla i 2010, an uair dheireanach a d’imir foireann rugbaí na hÉireann cluichí dúshláin in aghaidh na All Blacks sa Nua-Shéalainn.

Ach ní fheadar céard is fiú imreoirí sinsearacha, daoine ar nós O’Gara, O’Callaghan agus an Drisceolach, a chur chun páirce i gcoinne na Nua-Shéalainne nuair is amhlaidh nach mbeidh siad ag imirt faoin am a chuirfear tús le Corn Domhanda an Rugbaí i 2015.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter