Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 26 Eanáir 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Cúrsaí Rugbaí Cúrsaí Rugbaí: Dún Éideann v Mumhain

Cúrsaí Rugbaí: Dún Éideann v Mumhain

Ríomhphost Priontáil PDF

Agus bréagchogadh na gcluichí réamhshéasúir thart, imreoidh na Muimhnigh a gcéad chluiche sraithe in aghaidh Dhún Éideann i Staid Murrayfield tráthnóna amárach.

Trí chluiche a d’imir fir Rob Penney, cóitseálaí nua na Mumhan, le linn mhí Lúnasa. Ní hamháin gur chaill siad dhá cheann de na cluichí sin ach scaoileadar isteach seacht n-úd, ceithre cinn acu i gcoinne Stade Rochelais a imríonn sa dara roinn i Sraith Rugbaí na Fraince (Pro D2) agus trí cinn i bPáirc Musgrave i gCorcaigh an deireadh seachtaine seo caite in éadan Ghaeil Londan.

Le gach cead a thabhairt dóibh áfach, is beag cuimhne a bheidh ag daoine ar na cluichí réamhshéasúir sin má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Dhún Éideann amárach. Ach ní bheidh sé éasca. Cuimhnigh gur bhuaigh Dún Éideann ar na Muimhnigh (29-14) sa tSraith RaboDirect i Meán Fómhair na bliana seo caite, cluiche a imríodh in Murrayfield.

Agus ar na cúig chluiche ar gá do na Muimhnigh a imirt sna seachtainí beaga ina dhiaidh sin, imreoidh siad trí cinn acu as baile - i gcoinne Uladh ar 14 Meán Fómhair, Ospreys coicís ina dhiaidh sin agus ar deireadh in aghaidh Laighean ar 6 Deireadh Fómhair. Mar a deir lucht na seanfhocal: Ó theach an diabhail go teach an deamhain!

D’fhógair an Limerick Leader Dé Céadaoin go bhfuil Paul O’Connell, iarchaptaen na Mumhan, ag súil go mbeidh sé réidh le himirt arís faoi lár Mheán Fómhair. Agus má thuigtear go mbeidh fáil ag Penney ar leithéidí Conor Murray, Keith Earls, Ronan O’Gara agus Simon Zebo don chluiche in aghaidh Uladh, ní hamhlaidh atá i gcás Felix Jones agus an tuairim ann nach bhfeicfear ag imirt é go ceann seacht seachtaine eile.

Easnamh mór iad siúd go deimhin. Ach smaoinigh freisin go raibh ar sciar suntasach den seandream, David Wallace agus Jerry  Flannery mar aon le Mick O’Driscoll, John Hayes agus Denis Leamy, tarraingt siar as an rugbaí i rith an tséasúir seo caite. De bharr drochghortú i gcás triúr acu. Maidir leis an Drisceolach agus Hayes, is dócha gur thuig siad araon go raibh a mar imreoirí rugbaí thart.

Ar an gcúigear déag atá roghnaithe ag Penney le himirt in aghaidh Dhún Éideann amárach, níl fágtha ach ceathrar ón bhfoireann a thosaigh an cluiche céanna anuraidh. Ach is dea-scéal é go bhfuil Doug Howlett ar ais ar a sheanléim arís ó gortaíodh é i mí na Nollag seo caite. Is é Howlett atá ceaptha ina chaptaen ar na Muimhnigh don séasúr atá romhainn.

Agus é faoi agallamh san Irish Independent níos túisce i mbliana, dúirt Penney gur ghá dó foireann a thógáil a thiocfadh i gcomharbas ar an bhfoireann a bhuaigh dhá Chorn Heineken i 2006 agus aris i 2008 - ‘Mumhain nua’ mar a thug sé féin air. D’fhéadfadh cúig bliana a bheith ann sula mbeidh ré órga nua rugbaí sa chúige, dar leis. ‘Caithfidh daoine a bheith foighneach,’ arsa Penney.

Go deimhin, tá an ceart ag Penney. Is gá do lucht tacaíochta na Mumhan a bheith foighneach. Agus réalaíoch leis. Ní miste tús maith áfach. Chabhródh sé go mór dá bhféadfadh na Muimhnigh an bua a bhreith leo abhaile ó Dhún Éideann amárach.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

Tá formhór na n-athruithe a fógraíodh i mBuiséad 2013 i bhfeidhm anois ó thús na bliana. An bhfuil tionchar na n-athruithe le tabhairt faoi deara go láidir go fóill dar libh?




Torthaí

Twitter