Eile
Kenny Dalglish briste as a phost
Tuairiscítear anois go bhfuil bainisteoir Liverpool, Kenny Dalglish, briste as a phost inniu.
Deirtear gur briseadh Dalglish as a phost tar éis dó a bheith i mbun cainte le úinéirí an chlub as Meiriceá.
Tá an 18 mí is deireanaí caite ag Dalglish i gceannas ar an gclub ach deirtear nach raibh na húinéirí sásta leis mar gheall go raibh ag éirigh chomh dona leis an bhfoireann.
Deirtear gur caitheadh thart ar £110 milliún ar seachtar imreoirí don chlub ach in ainneoin seo, ní dhearna siad aon dul chun cinn a raibh aon mhaitheas ann dóibh.
Meastar anois go mbeidh ráiteas á chur amach
Tuilleadh...
Katie Taylor imithe chomh fada leis an mbabhta leathcheannais anois
Tá sé fógartha anois go bhfuil an dornálaí Éireannach, Katie Taylor, tar éis cáiliú le dul tríd go dtí an babhta leathcheannais de Chraobhchomórtais Dornálaíochta Amaitéaracha an Domhain sa tSín.Bhí Katie, atá 25 bliain d’aois, le dul i gcoinne Michaela Lacatus as an Romáin...
Tuilleadh...
Tuairiscí go bhfuil Poblacht na hÉireann páirteach i dtairiscint do Euro 2020
Creidtear anois go bhféadfadh sé go mbeadh Poblacht na hÉireann páirteach i dtairiscint na hAlban agus na Breataine Bige le Euro 2020 a reáchtáil.Níl oifigigh ó chumann sacair na hAlban ná na Breataine Bige sásta a dheimhniú ná a dhiúltú go mbeidh tairiscint á déanamh acu ach...
Tuilleadh...
Leithscéal gafa ag Manchester City le Sir Alex Ferguson
Tá a leithscéal gafa ag lucht Manchester City le bainisteoir Manchester United, Sir Alex Ferguson, tar éis dá n-imreoir, Carlos Tevez, ceap magadh a dhéanamh dó.Bhí fógra á chrochadh suas ag Tevez, fad is a bhí an ceiliúradh ar bun aige féin agus ag a fhoireann as sraithchomórtas...
Tuilleadh...
John O'Shea chun a bhealach a dhéanamh chuig BÁC mar a bhí beartaithe
Tuairiscítear anois go mbeidh an t-imreoir John O’Shea ábalta casadh le foireann Phoblacht na hÉireann an tseachtain seo chugainn mar a bhí beartaithe.Bhí imrí aréir nach mbeadh O’Shea, a imríonn le foireann Sunderland, ábalta dul le foireann na hÉireann chuig Euro 2012 mar a bhí...
Tuilleadh...
Leathanach 1 as 14


Eile


