Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Déardaoin 17 Bealtaine 2012

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Eile Niall Quinn ag seasamh siar óna phost le Sunderland

Niall Quinn ag seasamh siar óna phost le Sunderland

Ríomhphost Priontáil PDF

Fógraíodh ar maidin inniu go bhfuil sé beartaithe ag Niall Quinn seasamh siar óna phost, mar an stiúrthóir d’fhorbairt idirnáisiúnta leis an bhfoireann, Sunderland.

Deirtear go dteastaíonn ó Quinn filleadh ar Éirinn, le go mbeidh sé ábalta a airde a dhíriú ar a theaghlach agus ar a chúraimí eile, ó thaobh cúrsaí gnó de.

Sheas Quinn siar óna ról mar chathaoirleach ar an gclub i mí Dheireadh Fómhair 2011, le go mbeadh sé ábalta díriú ar an gclub a fhorbairt go hidirnáisiúnta ach anois, tá sé ag seasamh siar go hiomlán ón gclub.

Tá sé bliana ar fad caite aige leis an gclub agus dúirt sé ar láithreán gréasáin oifigiúil Sunderland, go raibh sé an-bhródúil as an bhfoireann agus as an méid dul chun cinn atá déanta acu le blianta anuas.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Suirbhé

An aontaíonn tú gur cheart bunscoileanna beaga a dhúnadh ar fud na tíre?



Torthaí

Twitter

 
Foinse Kenny Dalglish briste as a phost - http://t.co/pbcSEjhd - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie gaeilge
About 11 hours ago
 
Foinse Díríonn alt faisin na seachtaine seo in Foinse ar Stíl na dTreibheanna le hearraí ó @NewLookFashion @nextofficial @brownthomas & tuilleadh
About 13 hours ago