Tuairiscíodh anois go bhfuil an t-imreoir Robin van Persie réidh le dul i mbun cainte leis an bhfoireann, Arsenal maidir lena thodhchaí.
Beidh deireadh le conradh van Persie an bhliain seo chugainn agus go dtí seo, ní raibh sé sásta labhairt go poiblí faoina thodhchaí go fadtéarmach. Deirtear anois áfach, go bhfuil Arsenal dóchasach go mbeidh siad ábalta tús a chur le cainteanna le van Persie agus lena ionadaithe sa chéad mhí eile atá amach romhainn maidir le conradh nua.
Faoi láthair, tuairiscítear go bhfaigheann sé thart ar £80,000 sa tseachtain ach creidtear go mbeadh Arsenal sásta níos mó a ofráil dó má shocraíonn sé fanacht leo agus go bhféadfadh breis is £100,000 a bheith á fháil aige gach seachtain.
Ní cheaptar go mbeidh aon chonradh nua aontaithe roimh dheireadh an tséasúir ach fós féin, is dul chun cinn é do Arsenal go bhfuil van Persie sásta dul i mbun cainte leo.





