RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Eile Súil siar ar an Nollaig agus súil ar aghaidh chuig Cheltenham

Eile

Súil siar ar an Nollaig agus súil ar aghaidh chuig Cheltenham

Tar éis rásaíocht na Nollag, tá an pictiúr ag breathnú beagáinín níos soiléire i leith Fhéile Cheltenham i mí an Mhárta agus tá luach fós ar fáil. Tá gach seans go bhfacamar trí bhuaiteoir Cheltenham thar thréimhse na Nollag ag Baile na Lobhar.

Is dóigh liomsa nach mbeidh mórán iomaíochta in aghaidh Hurricane Fly i gCliathrás na Seaimpíní agus beidh an t‑ádh ort má tá tú in ann 4/1 a fháil ar an lá. Bhuaigh sé Cliathrás Istabraq go han‑réidh ag Baile na Lobhar agus feictear domsa go bhfuil sé chomh maith anois is a bhí sé riamh. Ceapaimse gur ghoill a chéad rás an iomarca air anuraidh. Tháinig sé ar ais deireanach sa séasúr anuraidh agus ní fhacamar é go dtí deireadh mhí Eanáir nuair a bhuaigh sé Cliathrás Éireannach na Seaimpíní i stíl láidir. Bhí an talamh thar a bheith trom an lá sin, agus d'fhág an rás sin marc ar an Fly.

Nuair a tháinig sé chuig an rás mór in Cheltenham, níl dabht ar bith go raibh Noel Fehily glic ar Rock on Ruby agus sciob sé an rás trí mharcaíocht den scoth. Ach ní raibh an splanc chéanna ag baint leis an Fly agus níor tháinig an t‑athrú luais a rabhamar ag súil leis ar chor ar bith. Ansin, ag Baile Phúinse bhuaigh sé a rás ag praghas thar a bheith íseal agus gan ach dhá fhad capaill in uachtar aige ar Zaidpour. Arís, bhí an splanc in easnamh ach i mbliana tá sé ar ais agus is praghas mór é 4/1 do chapall chomh tallannach leis an Fly!

Capall eile a bhfuilim ag tnúth le feiceáil ag an bhFéile ná Jezki. Bhí mé thar a bheith tógtha leis an stíl éasca a rinne an beart ag Baile na Lobhar. Is capall maith é Waaheb agus bhí sé sé fhad capaill taobh thiar dhó agus d'fhéadfadh sé a bheith dhá uair an méid sin. Tá Jezki anois mar rogha na coitiantachta do Chliathrás an Supreme ag an bhféile. Ní bhíonn sé ró‑chliste taobhú le rogha na coitiantachta don Supreme mar ní ró‑mhinic a bhuann siad céad rás na féile. Níor bhuaigh rogha na coitiantachta an rás seo ó bhuaigh Brave Inca é in 2004.

 

Dúirt jacaí Jezki, Robbie Power, go raibh a obair is fearr á déanamh aige ar an talamh mhaith. Chomh maith leis sin bhí Jezki thar a bheith sciobtha agus slachtmhar thar na cliatha, agus is é sin atá ag teastáil ag Cheltenham. Rith siad an rás ag Baile na Lobhar ag luas maith freisin agus chun an fhírinne a rá níl ach ceist an chnoic ag Cheltenham fágtha aige chun freagairt. Tá sé anois 4/1 don rás úd agus bheadh tús iontach ann dúinn uile dá má rud é go raibh Jezki agus Hurricane Fly in ann an dá rás mhóra ar chéad lá Cheltenham a bhuachan do mhuintir na hÉireann agus is dóigh liom go mbeidh an péire in ann an beart a dhéanamh!

 

Chonaiceamar capall eile in aicsean thar thréimhse na Nollag agus ag brath ar an rás a bheidh mar aidhm aige is dóigh liom go bhfuil seans maith aige ar rás a bhuachan ag an bhféile. Bhuaigh Sizing Europe rás dhá mhíle ag Baile na Lobhar ach is dóigh liom má théann sé chuig Rás Ryanair i mí an Mhárta go mbuafaidh sé é. Ag an bpointe seo, níl a aidhm cinntithe ag Henry de Bromhead agus ní bheadh sé ciallmhar geall a chur síos air go fóill. Tá sé 10/1 in áiteanna don rás seo agus má théann sé sa tóir ar an duais sin beidh an‑seans aige.

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
11:44PM Nov 28