Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Sathairn 25 Bealtaine 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Eile Cian Healy le dul os comhair coiste smachta i Londain

Cian Healy le dul os comhair coiste smachta i Londain

Ríomhphost Priontáil PDF

Tá sé tugtha le fios anois go mbeidh ar dhuine d’imreoirí rugbaí na hÉireann, Cian Healy (25), dul os comhair coiste neamhspleách smachta de chuid Chraobh na Sé Náisiún i Londain ar an gCéadaoin seo.

Seo mar gheall go bhfuil sé luaite leis gur shatail sé ar imreoir Shasana, Dan Cole le linn a gcluiche i gcoinne Shasana i gCraobh na Sé Náisiún i mBaile Átha Cliath inné.

D’éirigh le foireann Shasana an ceann is fearr a fháil ar fhoireann na hÉireann leis an scór deiridh, 12 in aghaidh 6.

Tá sé ráite gur shatail Healy ar rúitín Cole go luath sa chéad leath den chluiche inné agus d’fhéadfadh sé anois go ndéanfaí é a chur ar fionraí, ag brath ar an gcoiste ar an gCéadaoin seo.

Suirbhé

An raibh ort déileáil le bulaíocht ag aon am ag an obair/ar scoil?




Torthaí

Twitter