Tá sé deimhnithe ag foireann sacair Blackpool go bhfuil Paul Ince ceaptha acu mar bhainisteoir nua ar an bhfoireann.
Deirtear go bhfuil conradh bliana sínithe ag Ince (45) – conradh a mbeifear ábalta leanúint ar aghaidh leis más mian leis an dá pháirtí é. Is iarimreoir é Ince de chuid fhoireann na Breataine, Manchester United Liverpool agus Inter Milan.
Is cosúil go raibh seisiún traenála aige den chéad uair lena fhoireann nua inniu, a bhfuil a mhac Tom Ince, ag imirt dóibh freisin.
Tá sé timpeall is dhá bhliain ó bhí Paul Ince i mbun bainistíochta ar fhoireann go deireanach.











