RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Eile Cinneadh déanta ag Gatland gan O'Driscoll a roghnú d'fhoireann an tSathairn

Eile

Cinneadh déanta ag Gatland gan O'Driscoll a roghnú d'fhoireann an tSathairn

Tá iontas ar a lán leantóirí rugbaí ar maidin inniu agus príomhchóitseálaí na Leon, Warren Gatland, tar éis a fhógairt nach bhfuil Brian O’Driscoll roghnaithe aige le himirt ar an Satharn seo i gcoinne na hAstráile.

Bhí O’Driscoll ar dhuine de na himreoirí is mó a bhí luaite le ról an chaptaein ar an bhfoireann do chluiche an tSathairn i staidiam ANZ in Sydney, tar éis don imreoir Sam Warburton a bheith gortaithe.

Níor roghnaíodh é do ról an chaptaein áfach, ná fiú mar dhuine den 23 imreoir ar an scuad. Is é Alun-Wyn Jones atá roghnaithe mar chaptaen anois ar Leoin na Breataine agus na hÉireann. Tá Jamie Roberts ar an bhfoireann anois arís freisin, tar éis dó a bheith feabhsaithe ó ghortú a bhain le teannán na hioscaide.

Is é seo a leanas an scuad iomlán atá roghnaithe:

L Halfpenny (an Bhreatain Bheag); T Bowe (Éire), J Davies (an Bhreatain Bheag), J Roberts (an Bhreatain Bheag), G North (an Bhreatain Bheag); J Sexton (Éire), M Phillips (an Bhreatain Bheag); A Corbisiero (Sasana), R Hibbard (an Bhreatain Bheag), A Jones (an Bhreatain Bheag), A-W Jones (an Bhreatain Bheag, captaen), G Parling (Sasana), D Lydiate (an Bhreatain Bheag), S O'Brien (Éire), Toby Faletau (an Bhreatain Bheag).

Ionadaithe: T Youngs (Sasana), M Vunipola (Sasana), D Cole (Sasana), R Gray (Albain), J Tipuric (an Bhreatain Bheag), C Murray (Éire), O Farrell (Sasana), Manu Tuilagi (Sasana).

Scríobh nóta tráchta


Cód slándála
Athnuaigh

Foinse Ceathrar fós faoi choimeád maidir le dúnmharú fir i nGaillimh - http://is.gd/RnjMG3 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:30AM Jun 07
Foinse Pianbhreith le gearradh ar iarshagart as dhá chúis de mhí-úsáid ghn - http://is.gd/GG4KIs - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:15AM Jun 07
Foinse An Stát chun achomharc a dhéanamh maidir le rialú a thug an Ard-Chúi - http://is.gd/6uUlU6 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
02:46PM Jun 06
Foinse Deis cógais níos saoire a chur ar fáil d'othair - http://is.gd/duhG26 - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
11:53AM Jun 06
Foinse Teachtaireacht ó cheannaire Al-Qaeda do mhuintir na Siria - http://is.gd/B1udmP - An nuacht is déanaí ó Foinse.ie #gaeilge
09:48AM Jun 06