Foinse.ie

Saor Leis an Irish Independant gach Ceardoin

Dé Luain 08 Iúil 2013

RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Eile Níl Rooney ar fáil le díol dar le Moyes

Níl Rooney ar fáil le díol dar le Moyes

Ríomhphost Priontáil PDF

Dheimhnigh bainisteoir nua Manchester United, David Moyes, inniu nach bhfuil an t-imreoir Wayne Rooney ar fáil d’aon duine le ceannach.

Chuaigh sé os comhair na meán den chéad uair inniu, ó ghlac sé ceannas ar an bhfoireann clúiteach sacair seo, agus é tagtha i gcomharbacht ar Alex Ferguson. Bhí an-chaint á déanamh do Rooney le tamall deas anuas anois agus faoina thodhchaí le Manchester United.

Dúirt Moyes inniu nach bhfuil Rooney le díol, gur imreoir de chuid Manchester United é agus gurb é seo an chaoi a bheas sé freisin.

Dúirt sé go bhfuil sé ag súil go mór le hoibriú le Rooney agus go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis agus é i mbun traenála faoi láthair.

Foinse - News as Gaeilge


Did you understand this story? Here are the main points:

New Manchester United manager David Moyes has confirmed that Wayne Rooney is not for sale after facing the media for the first time in his Old Trafford reign.

“Wayne is not for sale,” he said. “He’s a Manchester United player and he will remain a Manchester United player.”

Suirbhé

An mbíonn tú i mbun obair dheonach?





Torthaí

Twitter