RSS

TÁ TÚ ANSEO Spórt Sport ón Imeall

Billabong i gCo Shligigh

D’airigh mé ar an raidió ar maidin gurbh í an mhí Iúil ba scamallaí le 60 bliain a bhí againn an samhradh seo agus ní mórán a rachadh ag sárú ort faoi sin. Bhí sé gruama ó cheann ceann na míosa. Cé nach raibh an aimsir thar mholadh beirte le mí anuas ní raibh sé sách fiáin ach oiread le maidhmeanna a chothú ar an bhfarraige mhór do chomórtas oscailte tonnmharcaíochta Chontae Shligigh a reáchtáladh le linn dheireadh seachtaine shaoire bainc Lúnasa. D’fhág na maidhmeanna beaga nach bhféadfaí leas a bhaint as an gcomórtas le foireann tonnmharcaíochta na hÉireann a roghnú faoi mar a bhí beartaithe a dhéanamh le linn an deiridh sheachtaine chéanna. Cé gur fógraíodh nach mbeadh foireann á roghnú don fhoireann náisiúnta, níor cuireadh drochmhisneach ar na céadta a thug aghaidh ar an gcomórtas. Cé nach raibh tuar na haimsire in araíocht do chomórtas tonnmharcaíochta chruinnigh na sluaite faoi scáil Chnoc na Rí ar Thrá an Leathrois i gContae Shligigh don ócáid. Bhí maidhmeanna dhá throigh ar airde ag briseadh ar an trá ar maidin Dé Sathairn agus ceithre troithe ar airde le fuinneamh néal nóna. Faraor, is gaoth aduaidh a bhí ag séideadh agus ní raibh cruth ceart ar na maidhmeanna. De réir rialacha idirnáisiúnta na tonnmharcaíochta, is féidir comórtas a reáchtáil i maidhmeanna 18 n-orlaí nó níos airde. Mar sin bhí bunriachtanas comórtais acu mar aon leis na hiomaitheoirí. Mar sin lean an lucht eagraithe i gClub Tonnmharcaíochta Shligigh ar aghaidh leis na himeachtaí. Is 120 iomaitheoir ar fad a chláraigh don chomórtas agus mar ghealla r an líon ard seo agus an riar leathan catagóirí, b’éigean na himeachtaí a rith ar feadh an lae gan stopadh ná staonadh. Bhí imní ann nach mbeifí in ann an comórtas a reáchtáil ar an Domhnach. Thug na chéad iomaitheoirí aghaidh ar na tonnta ag a 9am agus cuireadh an grúpa deireanach amach ar an uisce an oíche sin ag 9.30. D’fheabhsaigh na coinníollacha agus caighdeán na tonnmharcaíochta dá réir faoin am seo. Mar a tharla sé ní raibh cailleadh ar aimsir an Domhnaigh, ní raibh sméideadh gaoithe ann agus bhí cruth níos deise ar na maidhmeanna fiú má bhí siad níos lú. Baineadh leas as na coinníollacha seo leis an gcomórtas a thabhairt chun críche. Ba é an tonnmharcaí áitiúil Stephen Kilfeather a thug leis an lá agus a bhuaigh Comórtas Oscailte Shligigh. Bhí coimhlint ghéar idir é féin agus Ronan Oertzen as Béal Feirste sa bhabhta ceannais ach thug eolas áitiúil Kilfeather an lámh in uachtar dó. Bhí tuilleadh den iomaíocht ghéar i gcomórtas na mban agus ba í an tUltach Nicole Morgan a sciob léi an chéad áit in aghaidh na mná áitiúla Easky Britton. In ainneoin a gcuid iarrachtaí beidh lá eile acu chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann náisiúnta a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Pheiriú i mí na Nollag i gcraobhchomórtas an Domhain. Tá súil an rogha sin a dhéanamh ag an gcéad chomórtas eile i mí Dheireadh Fómhair nuair a fhillfidh saol tonnmharcaíochta na hÉireann ar chladaí Shligigh an athuair agus iad ag triall ar mhaidhm cháiliúil Iascaigh.

Ar mhuin na madraí reatha

Is iomaí cáil ar Éireannaigh i saol an spóirt. Tá gradaim idirnáisiúnta bainte amach sa dornálaíocht, sa lúthchleasaíocht agus sa rugbaí ag lúthchleasaithe na tíre seo le blianta beaga anuas.

Ach tá spórt amháin ann áfach, nár éirigh linn mar náisiún a thabhairt linn i gceart agus nach luaitear riamh leis an tír seo — ach an mbeidh malairt scéil le spórt na gcarr madra nó ‘dogsled’ sa tír seo go luath?

Seachas na spóirt fola agus an 10 nóiméad le linn chluiche peile na rialacha idirnáisiúnta in 2004 ar Pháirc an Chrócaigh nuair a rith madra beag isteach i lár na himeartha, níor tugadh tús áite riamh do mhadraí i stair spóirt na tíre seo.

Tá, ina ainneoin sin, caidreamh maith ag an ngnáth-Éireannach lena mhadra ach mar is eol do mhadraí an bhaile, is fíorannamh a fheictear carr madra luaite ar chlár imeachtaí spóirt sa tír seo.

Ní hamhlaidh a bheidh an scéal a thuilleadh má éiríonn le mianta agus le hiarrachtaí Mandy Hynes as Gaillimh, spórt na gcarr madraí a chur chun cinn sa tír seo. Níl aon ionadh gur bhunaigh Mandy, bean a bhfuil beagnach 30 huscaí Sibéarach aici féin, Cónaidhm Spórt Carr Madraí na hÉireann nó an Irish Federation of Sleddog Sports (IFSS) in 2008.

Feidhmíonn an IFSS faoi rialacha bhord rialaithe idirnáisiúnta an spóirt agus tá os cionn leathchéad ball sa chónaidhm cheana. Cuireann siad comhairle agus treoir ar fáil do na baill faoi chúrsaí a bhaineann leis an spórt, cothú agus beathú na madraí mar shampla.

Is maith a thuigfeadh duine ar bith a bhfuil madra acu gur dual don mhadra a bheith chun tosaigh i gcónaí. Má cheanglaíonn tú rud ar bith de mhadra, geallaim duit go ndéanfaidh sé iarracht é a tharraingt.

D’fhéadfadh gach mianach madra páirt a ghlacadh sa spórt ach is madraí láidre ar nós an huscaí is mó a bhfuil tóir orthu sa spórt seo. Is ar chosáin trí choillte is mó a chleachtar an spórt. Fágann an bealach cinnte atá leagtha amach tríd an bhforaois nó tríd an gcoill go bhfuil sé níos éasca an fhoireann madraí a stiúradh. Is maith a thuigeann Coillte é seo freisin agus ceadaíonn siad do bhaill na cónaidhme roinnt cosán ar fud na tíre a úsáid dá spórt.

D’admhódh aon bhall den IFSS go bhfuil cuid de na bealaí foraoise is áille ar domhan ag sníomh trí choillte na tíre seo agus níl fáth nach bhféadfadh an tír rásaí móra idirnáisiúnta a reáchtáil.

Is ar an ábhar sin a mheall Mandy Comhthionóil Ginearálta Chónaidhm Idirnáisiúnta Spórt na gCarr Madra chun na tíre seo.

Cuireadh toscaireacht ar an eolas faoina bhfuil le tairiscint ag an tír seo i dtaobh an spóirt. Tá súil ag Mandy go mbeidh iomaitheoir ón tír seo le feiceáil sna comórtais idirnáisiúnta go luath. Is ar an ábhar sin a bheidh an IFSS ag roghnú foireann náisiúnta do spórt na gcarr madra do shéasúr 2010/2011.

Beidh an chéad imeacht eile ar fhéilire na cónaidhme ar siúl ar chosáin latraigh i gCo. Thiobraid Árann ar an 6 Samhain. Tá eolas le fáil faoin imeacht agus faoin gcónaidhm ar www.sleddogsireland.com.

Tonnta móra na hÉireann

Thug mé cuairt ar bhaile beag Iascaí agus bhí na sluaite ag triall ar an mbaile céanna. Bhí borradh nua an fhómhair ag déanamh ar chósta creagach iarthuaisceart Shligigh agus bhí meitheal breá mara ag fearadh fáilte roimhe.

Bhí an dream seo ag déanamh suirí le maidhmeanna meanmnacha an fhómhair. Ní mórán a dhéanfaidh dearmad ar an lá sin, an lá ar baisteadh ‘Déardaoin Dorcha’ air, ach is beag imní a bhí an fógra duairc is deireanaí as Teach Laighean a dhéanamh don chúig dhuine dhéag a bhí san uisce amach ó ché Iascaí ó bhreacadh an lae.

Ba dheacair gan suntas a thabhairt don chaighdeán tonnmharcaíochta, rud a chuir iontas agus náire orm. Ba léir an scil agus an cumas láithreach. Tá ionann is 10 mbliana caite agam ag fáisceadh clár le mo chos agus ag tabhairt faoi mhaidhmeanna fiáine an Atlantaigh, ach baineadh stangadh asam an lá faoi dheireadh.

Ba iad na tonnmharcaithe áitiúla a tharraing m’aird. Furasta aithne gurb í a dtonn bhaile í. Léirigh na marcaithe smacht, láidreacht agus muinín nach raibh feicthe roimhe seo ach i measc fíorbheagán de thonnmharcaithe na tíre seo.

Briseann cuid de na maidhmeanna is fearr ar domhan ar leac an dorais againn ach is gearr uainn go mbeidh ainmneacha thonnmharcaithe na tíre seo á ngreanadh ar na gradaim is mó a bhfuil tóir orthu ag an leibhéal idirnáisiúnta.

Tá an sprioc sin bainte amach ag beirt bhan; an chéad áit bainte amach faoi dhó ag Nicole Morgan i gcraobh tonnmharcaíochta gairmiúla na Breataine agus tá an t-éacht céanna déanta ag Easkey Britton.

Is mór an t-éacht é seo ag an mbeirt acu ó tharla nach reáchtáiltear aon chomórtais idirnáisiúnta sa tír seo. Ábhar díospóireachta é atá ag dó na geirbe i measc phobal tonnmharcaíochta na tíre le blianta anuas. I bhfianaise na conspóide agus an achrainn a tharraingíonn sé uaireanta is cosúil gur ábhar é seo atá an-ghar don chnámh.

Deir roinnt gur drochrud a bheadh ann comórtas mór idirnáisiúnta a reáchtáil sa tír seo ó tharla go meallfadh sé na sluaite agus ní bheadh pobal dlúth tonnmharcaíochta na tíre seo in ann taitneamh a bhaint as a gcuid maidhmeanna ar a suaimhneas.

Seans go raibh bunús leis an argóint seo 10 mbliana ó shin nó fiú cúig bliana ó shin ach ní bheadh ciall leis anois. Is léir do mhadraí an bhaile go bhfuil fás thar na bearta tagtha ar thonnmharcaíocht in Éirinn agus go mbeifeá ag caitheamh clocha le cuan dá mba mhian leat creach an Atlantaigh a choinneáil faoi cheilt.

Ní dhéanfadh a leithéid de chomórtas dochar d’eacnamaíocht bailte beaga iargúlta cois farraige. Is tionscal luachmhar an tonnmharcaíocht a chothódh caipiteal a bhfuil géarghá leis. Mheallfadh comórtas lucht féachana as tíortha i bhfad agus i gcéin lena laochra móra a fheiceáil i mbun aicsin agus in iomaíocht leis na maidhmeanna dúchasacha.

Mar léiriú ar an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as comórtais mhóra a reáchtáil sa tír ní gá ach féachaint ar shampla na hAlban, a fhearann fáilte gach bliain roimh shár-thonnmharcaithe na cruinne don O'Neill Coldwater Classic. Cuireann sé seo na mílte euro leis an eacnamaíocht áitiúil gan trácht ar na mílte eile a thagann leis na cuairteoirí.

Léiriú eile ar an tionchar a imríonn turasóireacht na tonnmharcaíochta ar eacnamaíocht áitiúil is ea cás Mundaka na Spáinne. Rinne Ollscoil Mhaidrid staidéar cuimsitheach in 2008 ar an tionchar a bhíonn ag an maidhm seo ar an eacnamaíocht áitiúil. Mheas an staidéar go gcaitear idir $400,000 agus $1.5 milliún in aghaidh na bliana agus go gcothaíonn sé idir 24 agus 95 post áitiúil.

Bheadh tairbhe as cuimse ann cinnte do bhailte beaga iargúlta ar nós Iascaí dá meallfaí comórtas mór chun na tíre seo. Cá bhfios nach mbeadh bulla tarrthála don rialtas, atá in umar na haimléise faoi láthair, sa tonnmharcaíocht.

Rian stairiúil i spórt CLG

Tá sé ar cheann de na ceithre spórt a thagann faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael (CLG) agus ar cheann de na spóirt is sine ar domhan a imrítear i gcónaí. Tá fianaise ann gur imríodh cluiche an-chosúil le liathróid láimhe na nGael mar chuid d’imeachtaí spóirt agus caithimh aimsire mhuintir na gcultúr ársa is aitheanta ar fud na cruinne. D’imir muintir na Maya i Meiriceá Láir é, roimh theacht Cholumbais agus insíonn iairiglifí na hÉigipte a scéal féin faoin meas a bhí ar an liathróid láimhe i measc shárailtirí an tsaoil ársa.

Ní haon ionadh mar sin i bhfianaise an scaipthe mhóir thíreolaíochta a bhí ag an spórt san am a caitheadh, go bhfeictear cosúlachtaí idir liathróid láimhe na nGael a imrítear sa tír seo agus cluichí liathróide eile a imrítear ar fud na cruinne go fóill.

Áirítear liathróid raicéid, scuais agus liathróid láimhe Mheiriceánach i measc na gcluichí comhaimseartha a bhfeictear rian den liathróid láimhe orthu. Feictear cosúlachtaí freisin le pelota na mBascach ach tá a rian sin greanta go soiléir ar stair an spóirt anseo.

Faightear ceann de na tagairtí is sine don liathróid láimhe sa tír i gcáipéisí reachtúla a bhain le cathair na Gaillimhe sa bhliain 1527, nuair a cuireadh cosc ar imirt liathróid láimhe in aghaidh bhallaí na cathrach.

Ar ndóigh bhí trádáil mhór idir Cathair na dTreabh agus cathracha eile ar fud na Spáinne — trádáil a d’fhág rian ar chaitheamh aimsire a mhaireann go láidir i dtraidisiún spóirt an dá áit i gcónaí.

Imrítear liathróid láimhe ar chúirt nó i bpinniúr. Tá na cúirteanna breactha ar fud na tíre ach faraor tá go leor díobh ligthe i ndearmad agus imithe i léig i roinnt mhaith bailte.

Cúirt 18.3m faoi 9.15m le balla 30 troigh ar airde a bhaintí úsáid as i dtús aimsire ach i 1969 baineadh úsáid as cúirt níos lú, 12.2m faoi 6.1m agus balla 20 troigh. Is í an chúirt bheag an chúirt chaighdeánach agus is ar an gcineál seo cúirte a bhíonn an tóir is mó ag imreoirí an spóirt. Reáchtálann CLG dhá chraobh éagsúla a imrítear ar an dá chúirt.

Is é aidhm an chluiche an méid is mó pointí a bhaint amach roimh do chéile comhraic. Cluiche dúshlánach taitneamhach fuinniúil é. Is é an té atá ag freastal an t-aon duine amháin atá in ann pointe a bhaint amach.

Léirigh an slua mór a ghlac páirt sa mhórchomórtas is deireanaí sa chraobh, comórtas náisiúnta liathróid láimhe an bhalla amháin a reáchtáladh i rith an tsamhraidh i Maigh Eo gur cuid lárnach de shaol caithimh aimsire na nÉireannach an liathróid láimhe i gcónaí. Mheall an comórtas na céadta lucht féachana agus chláraigh 400 imreoir, an líon is mó riamh, don chomórtas.

An bhfuil sé in am mar sin, na toim aitinn agus fás na mblianta a ghlanadh de na cúirteanna díomhaoine a fheictear go forleathan ar fud na tíre agus spiorad pobail a chothú agus a bhuanú in athuair i spórt dúchasach na tíre?

Laochra sa leadóg bhoird

Cuireadh deireadh le rith dochloíte an imreora Zhao Li a imríonn le club Donic ag comórtas do rangú imreoirí sóisir leadóg bhoird STIGA. Is é imreoir óg Eastpoint, Ryan Farrell, a bhain tuisle as an Síneach nár buaileadh ó thosaigh sé ag imirt i gcraobh na ndaltaí dhá bhliain ó shin.

Is léir gur thóg Farrell ar an méid a bhain sé amach anuraidh i gcraobh 2009 nuair a d’éirigh leis an dara háit a thabhairt leis.

B’éigean don bheirt ógánach cúig sheit a imirt le clabhsúr a chur leis an gcluiche corraitheach in ionad spóirt Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Bhí an lámh in uachtar ag stíl ionsaithe agus cúlbhuille láidir Farrell ó thús go deireadh an chluiche. Choinnigh sé greim daingean ar an imirt ón tús agus ba léir a chuid smachta ar an gcluiche sa seit mullaigh. Fágann a bhua an chéad chraobh náisiúnta i séasúr 2010/2011 sa leadóg bhoird ag Ryan.

Thug Sam Logue, a imríonn le club ALSAA, craobh shóisir na mbuachaillí leis go compordach lena bhua cuimsitheach ar a chéile comhraic Ashley Robinson.

D’éirigh le Logue an bua a thabhairt leis taobh istigh de cheithre sheit.

Bua mór é seo do Logue agus tús maith leis an séasúr ó tharla gur chríochnaigh Robinson sa cheathrú háit i rangú na sóisear anuraidh agus ba é rogha na coitiantachta ag dul isteach sa chomórtas é.

Bhí bua slachtmhar ag Ashley Given i gcraobhchomórtas sóisir na gcailíní. Bhuail Given as Cúige Uladh Sarah Timlin as Maigh Eo sa chluiche ceannais.

Níl Given i bhfad sa bhaile tar éis di a bheith ag imirt ar fhoireann sinsir na hÉireann den chéad uair i gcraobh na hEorpa a reáchtáladh le gairid in Ostrava.

Is léir go bhfuil an cumas agus an teacht chun cinn inti an chraobh a thabhairt léi arís i mbliana agus táim cinnte go ndéanfaidh sí a míle dícheall í a choinneáil ina seilbh.

Má léiríonn sí an scil agus an cumas céanna a léirigh sí an deireadh seachtaine seo caite beidh sé thar a bheith deacair í a chloí.

Rinneadh trácht san alt seo roinnt seachtainí ó shin do phróifíl aoise na n-imreoirí. Agus cé go bhfuil áit bainte amach ag Given ar fhoireann na sinsir níl ach na 15 bliana slánaithe aici.

Fágadh folús mór ina diaidh sa chraobh faoi 14 bliana d’aois i mbliana agus ba í Meadhbh Slattery as Club Bhaile Ghrifín a líon an folús sin agus a thug léi craobh na ndaltaí i gcomórtas na gcailíní. Bhuail sí Emma Ludlow leis an scór 11-9 sa chúigiú seit.

Reáchtáladh comórtais freisin d’imreoirí faoi dhá bhliain déag d'aois agus faoi dheich mbliana d’aois.

Bhí deis iontach sa dá chomórtas seo d’imreoirí óga as ceithre chúige na tíre a scil agus a gcumas a léiriú ar stáitse náisiúnta ar bhun spraoi agus ar bhun iomaíochta.

Bhí an-deireadh seachtaine ag gach a raibh baint acu leis an gcomórtas.

Bhí an ITTA, Cumann Leadóg Bhoird na hÉireann agus an lucht eagraithe sásta leis an imeacht agus cuireadh sárthaispeántas leadóg bhoird os comhair an tslua a chruinnigh don imeacht.

 

Parse Error: Specification mandate value for attribute data-aria-label-part
08:45AM Nov 01